Go hiondúil, cosnaítear taiscí de chuid daoine aonair, cuideachtaí, comhpháirtíochtaí, clubanna agus cumann faoin Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT)

Ní áirítear taiscí de chuid údarás poiblí, árachóirí, cistí pinsean, scéimeanna comhinfheistíochta, banc nó institiúidí airgeadais áirithe eile. Faoi SRT na hÉireann, cosnaítear taiscí atá á sealbhú i mbrainsí Éireannacha agus AE d’institiúidí creidmheasa atá údaraithe in Éirinn. Ní gá duit a bheith i do chónaí in Éirinn nó a bheith i do shaoránach Éireannach chun a bheith i dteideal cúitimh faoin SRT. Aon taiscí a bheidh ar seilbh in institiúidí creidmheasa atá údaraithe i mBallstát eile den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, beidh siad sin clúdaithe faoi scéim ráthaíochta taiscí na tíre sin.

Liostaítear i gCuid 1 den chlár seo a leanas, na bainc a chlúdaítear faoin SRT:  Clár na nInstitiúidí Creidmheasa – Cuid 1 - bainc a chlúdaítear faoin SRT

Cosnaítear taiscí de chuid:

  1. Daoine Aonair

  2. Trádalaithe Aonair

  3. Comhpháirtíochtaí

  4. Clubanna, cumann, scoileanna agus carthanas

  5. Cuideachtaí

  6. Cistí atá á sealbhú ar iontaobhas i gcuntais cliant ag aturnaetha nó ag daoine gairmiúla eile, féadfaidh go mbeidh siad siúd incháilithe i gcás ina mbeidh na buntairbhithe incháilithe as a gceart féin

  7. Pinsin bheaga fhéinriartha

newinner img 2

Neamchosanta:

Taiscí de chuid-
  1. Banc, comhar chreidmheasa agus cumann foirgníochta

  2. Daoine a cúisíodh (ar feitheamh cinnidh ó chúirt) nó a ciontaíodh i gcionta sciúrtha airgid

  3. Institiúidí Airgeadais

  4. Gnólachtaí Infheistíochta

  5. Taisceoirí nár aithníodh riamh i gcomhréir leis an reachtaíocht um frithsciúradh airgid

  6. Gnóthais Árachais agus Athárachais

  7. Gnóthais Chomhinfheistíochta

  8. Údaráis Phoiblí

  9. Scéim pinsean nó ciste scoir (seachas scéim pinsean bheag, fhéinriatha);

Institiúidí Clúdaithe

institutions 1

Bainc & Cumainn Fhoirgníochtas

I gCuid 1 de Chlár na nInstitiúidí Creidmheasa, liostaítear na bainc a chlúdaítear faoin SRT.

Tá ar fáil anseo

institutions 2

Comhair Chreidmheasa

I gClár na gComhar Creidmheasa, liostaítear na Comhair Chreidmheasa a chlúdaítear faoin SRT.

Tá ar fáil anseo

Taiscí Cosanta

Ciallaíonn taisce iarmhéid sochair ar chuntas atá ar seilbh le banc, cumann foirgníochta nó le comhar creidmheasa nach mór a aisíoc go hiomlán.

Tá liosta anseo thíos de na cineálacha taiscí a fhéadfar a mheas mar thaiscí atá i dteideal cúitimh faoin Scéim Ráthaíochta Taiscí:

  • Cuntais reatha
  • Cuntais choigiltis
  • Cuntais taisce prapéilimh
  • Cuntais taisce ar fhógra
  • Cuntais taisce ar théarma seasta
  • Cuntais scaireanna i gcumann foirgníochta nó i gcomhar creidmheasa
  • Féadfaidh go mbeidh an ghné incháilithe de thaiscí struchtúrtha/de bhannaí rianúcháin incháilithe le haghaidh cúitimh freisin i gcás ina mbeidh an ghné taisce inaisíoctha ar par.

Gach eolas a theastóidh uait

Cén chaoi a ndéileálann an SRT le cuntais trádalaithe aonair?

Déanfar íocaíocht amháin suas le teorainn €100,000 a eisiúint chuig trádalaithe aonair a bhfuil cuntas pearsanta agus cuntas gnó acu le hinstitiúid chreidmheasa (ar cuntais iad a bheidh incháilithe le haghaidh cúitimh ón SRT).

Cén chaoi a ndéileálann an SRT le cuntais comhpháirtíochtaí?

Má tá cuntais phearanta agus cuntas comhpháirtíochta gnó ag taisceoir in institiúid chreidmheasa (a bhfuil gach ceann díobh incháilithe le haghaidh cúitimh ón SRT), déileálfaidh an SRT go leithleach leis an gcuntas gnó agus leis na cuntais phearsanta.  Gheobhaidh an taisceoir (an comhpháirtí) seic ar leith suas le teorainn €100,000 i leith a c(h)untas pearsanta. Déanfar an cúiteamh i leith an chuntais gnó a íoc go leithleach leis an gcomhpháirtíocht, suas le teorainn €100,000.

Cén chaoi a ndéileálann an SRT le cuntais cuideachtaí?

Cuideachtaí a bhfuil cuntais acu in institiúid chreidmheasa (ar cuntais iad atá incháilithe le haghaidh cúitimh ón SRT), gheobhaidh siad íocaíocht amháin suas le teorainn €100,000.   Tá gach eintiteas dlíthiúil ar leith incháilithe as a gceart féin le haghaidh cúitimh ón SRT.

An gclúdaítear cistí pinsean/scoir faoin SRT?

Ní chosnaítear scéimeanna pinsean nó cistí scoir faoin SRT ach amháin Scéimeanna Beaga, Féinriartha Pinsean (SSAP). Ní chlúdaítear cistí neamh-SSAP pinsean pearsanta nó cistí scoir e.g. Cistí Gníomhaíochta Scoir (ARFanna) faoin SRT.

An gclúdaítear bannaí rianúcháin faoin SRT?

Beidh an ghné taisce de bhannaí rianúcháin (ar a dtugtar taisce struchtúraithe freisin) cáilithe le haghaidh cúitimh suas le €100,000 ón SRT i gcás ina mbeidh an sealbhóir cáilithe agus beidh an ghné taisce den bhanna rianúcháin inaisíoctha ar par.  Ní chosnaítear an ghné innéacsnasctha den bhanna rianúcháin.