Cúiteamh a Ríomh

Cúiteamh a ríomh

Beidh íocaíochtaí cúitimh bunaithe ar shonraí a bheidh curtha ar fáil don Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT) ag leachtaitheoir na hinstitiúide creidmheasa maidir le taisceoirí incháilithe agus maidir lena gcuid cuntas. Is é €100,000 an t-uasmhéid cúitimh is iníoctha ón SRT in aghaidh an duine in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa. Beidh an cúiteamh bunaithe ar an iarmhéid a bhí sna cuntais ar an dáta a ceapadh an leachtaitheoir agus áireofar aon ús a bheidh dlite ar an dáta sin. Déanfar na hiarmhéideanna go léir a bheidh á sealbhú in ainm an taisceora (lena n-áirítear iarmhéideanna a bheidh á sealbhú i gcomhchuntas nó i gcuntas tairbhí) a chomhiomlánú agus eiseofar íocaíocht chúitimh chuig an taisceoir i leith a dtaiscí iomlána.

Morgáistí & Iasachtaí

De ghnáth, ní dhéanfar dliteanais amhail morgáistí agus rótharraingtí a fhritháireamh in aghaidh taiscí nuair a bheidh cúiteamh SRT á ríomh. Féadfaidh an leachtaitheoir riaráistí a fhritháireamh i gcás ina mbeidh sé nó sí i dteideal déanamh amhlaidh.

Comhchuntais

De ghnáth, déanfar iarmhéideanna comhchuntas a roinnt go cothrom idir gach sealbhóir cuntais, mura mbeidh socrú eile i bhfeidhm i leith an chuntais sin. An méid a gheobhaidh gach sealbhóir cuntais i leith comhchuntais, déanfar é sin a chomhiomlánú le haon iarmhéideanna eile a bheidh ar seilbh ag an sealbhóir cuntais sin. Is é €100,000 an t-uasmhéid cúitimh ón SRT in aghaidh an duine.

Cuntais Airgeadra Eachtraigh

Déanfar íocaíochtaí cúitimh a ainmniú in euro. Má tá cuntas airgeadra eachtraigh ar seilbh ag an taisceoir, déanfar an t-iarmhéid cuntais a chomhshó in euro agus úsáid á baint as na rátaí malairte tagartha is infheidhme an lá a cheapfar an leachtaitheoir.

Iarmhéideanna Arda Sealadacha

Is é €100,000 an t-uasmhéid cúitimh is iníoctha ón SRT in aghaidh an duine in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa. Ina theannta sin, féadfaidh go mbeidh taiscí áirithe, ar a dtabharfar iarmhéideanna arda sealadacha, i dteideal cúitimh de bhreis ar €100,000. Chun go gcáileoidh taisce mar iarmhéid ard sealadach, caithfidh go n-eascróidh an taisce sin as ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:

  • taiscí a thig as idirbhearta eastáit réadaigh a bhaineann le maoin chónaithe phríobháideach
  • taiscí a fhreastalóidh ar chuspóirí sóisialta atá leagtha síos sa dlí náisiúnta agus atá nasctha le teaghais saoil áirithe de chuid an taisceora amhail pósadh, páirtnéireacht shibhialta, colscaradh, dul ar scor, dífhostú, iomarcaíocht, easláine nó bás
  • taiscí a fhreastalóidh ar chuspóirí atá leagtha síos sa dlí náisiúnta agus atá bunaithe ar íocaíochtaí sochar árachais nó cúitimh mar gheall ar dhíobhálacha coiriúla nó ar chiontú éagórach

Cosnaítear taiscí cáilithe suas le teorainn €1 milliún (cé go bhfuil clúdach neamhtheoranta ar fáil d’éilimh a bhaineann le díobháil phearsanta) go ceann tréimhse 6 mhí tar éis do na taiscí bheith creidiúnaithe do chuntas nó ón tráth a bheidh na taiscí sin inaistrithe de réir dlí.