Ráiteas Ginearálta

Tá meas againn ar do cheart chun príobháideachais. Gach uair a thugann daoine cuairt ar ár suíomh gréasáin, coinnítear dhá leibhéal ghinearálta faisnéise maidir leis an gcuairt sin. Sa chéad leibhéal, áirítear faisnéis staidrimh agus faisnéis anailíseach eile a bhailítear ar bhonn comhiomlán agus nach bhfuil sonrach do dhaoine ar leith as na brabhsálaithe go léir a thugann cuairt ar an suíomh. Sa dara leibhéal, áirítear faisnéis atá pearsanta nó sonrach do chuairteoirí a roghnóidh go feasach an fhaisnéis sin a chur ar fáil.

Leis an bhfaisnéis staidrimh agus anailíseach, cuirtear faisnéis ghinearálta ar fáil nach bhfuil sonrach do dhaoine aonair agus a bhaineann leis an méid seo a leanas: an líon daoine a thugann cuairt ar an suíomh gréasáin seo; an líon daoine a thagann ar ais chuig an suíomh seo; na leathanaigh a dtugann siad cuairt orthu; an suíomh gréasáin ar a rabhadar sular thángadar chuig an suíomh seo agus an leathanach dár suíomh gréasáin ar a rabhadar sular fhágadar an suíomh. Cuidíonn an fhaisnéis seo linn faireachán a dhéanamh ar an trácht ar ár suíomh gréasáin chun go mbeimid in ann acmhainn agus éifeachtúlacht an tsuímh a bhainistiú. Chomh maith leis sin, cuidíonn an fhaisnéis seo linn a fháil amach cé na codanna den suíomh seo a bhfuil an t-éileamh is mó orthu, agus cuidíonn sí linn iompar agus saintréithe úsáideoirí a mheas chun go mbeimid ábalta an spéis atá i réimsí éagsúla den suíomh a thomhas agus an úsáid a bhaintear as na réimsí éagsúla sin a thomhas.

Ráiteas maidir le Cosaint Sonraí

Sa ráiteas seo, cuirtear faisnéis ar fáil maidir leis na bealaí ina mbailíonn an Banc Ceannais sonraí pearsanta a thugtar dó ar mhaithe leis an Scéim Ráthaíochta Taiscí (“SRT”) a riaradh nó maidir leis na bealaí ina n-úsáideann sé na sonraí pearsanta sin.

Chun críocha na reachtaíochta um chosaint sonraí, is é Banc Ceannais na hÉireann, Cé an Phoirt Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, an rialaitheoir sonraí do shonraí pearsanta a chuirtear ar fáil don SRT.

Leis an SRT, cosnaítear taisceoirí i gcás nach mbeidh banc, cumann foirgníochta nó comhar creidmheasa (a dtugtar ‘institiúidí creidmheasa’ orthu i dteannta a chéile) atá údaraithe ag an mBanc Ceannais ábalta taiscí a aisíoc. Bíonn an SRT á hoibriú i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí) 2015 (“Rialacháin 2015”).

Faisnéis phearsanta a bhailiú agus a úsáid

Faoi Rialacháin 2015, próiseálann an SRT sonraí pearsanta áirithe a bheidh curtha ar fáil ag na hinstitiúidí creidmheasa atá clúdaithe faoin SRT. Is sonraí iad seo a bhaineann le taisceoirí aonair agus le taisceoirí eile a thagann faoi raon feidhme an SRT (ar nós cuideachtaí nó clubanna nó cumann). I gcás ina dtionscnófar an SRT, tá seans ann go mbeidh ar thaisceoir aonair faisnéis a thabhairt go díreach don SRT más gá sin chun méid a chúitimh nó a cúitimh a ríomh.

Bainfidh an SRT úsáid as na sonraí pearsanta sin ar mhaithe leis an SRT a oibriú, lena n-áirítear chun aisíocaíochtaí leis na taisceoirí sin a riaradh i leith taiscí incháilithe i gcás nach mbeidh institiúid chreidmheasa ábalta taiscí den sórt sin a aisíoc i gcomhréir le Rialacháin 2015 agus chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar réitigh SRT a bheidh curtha i bhfeidhm ag institiúidí creidmheasa údaraithe. Ar na sonraí pearsanta a phróiseálfaidh an SRT, áirítear an méid seo a leanas:

  • ainm
  • dáta breithe
  • seoladh reatha agus seoltaí roimhe seo
  • uimhir ghutháin
  • seoladh ríomhphoist
  • eolas cuntais

Tá an fhaisnéis seo riachtanach chun go bhféadfar taisceoirí a shainaithint go cruinn agus chun a áirithiú go bhféadfar aisíocaíochtaí a dhéanamh go héifeachtúil i gcás ina dtionscnófar an SRT.

Stóráiltear go sábháilte aon sonraí pearsanta a bheidh faighte ag an SRT ó institiúid chreidmheasa ar mhaithe le faireachán leanúnach. Ní roinnfidh an SRT na sonraí pearsanta sin le haon pháirtithe eile. Aon sonraí a chuirfear ar fáil le haghaidh tástáil comhad agus cleachtaí ionsamhlúcháin,

ní choinneoidh an SRT iad níos faide ná mar is gá agus scriosfar iad go luath tar éis an tástáil a chur i gcrích.

I gcás ina dtionscnófar an SRT go hiarbhír, coinneofar na sonraí go ceann cibé tréimhse is gá chun tacú le próisis tacaíochta amhail cúiteamh a íoc, achomhairc agus díospóidí a phróiseáil, etc.

Ní dhéanfar aon sonraí pearsanta a bhailiú trí shuíomh gréasáin an SRT cé is moite d’aon fhaisnéis a bheidh curtha ar fáil don SRT ag daoine aonair dá rogha féin (e.g. trí ríomhphost a chur chugainn nó trí chlárú linn). Faisnéis ar bith a chuirfidh daoine aonair ar fáil ar an gcaoi sin, ní chuirfear ar fáil do thríú páirtithe í, agus ní bhainfidh an SRT úsáid aisti ach amháin chun na críche dár cuireadh ar fáil í.

Nuair a bheidh an Banc ag plé le díoltóirí tríú páirtí chun tacú le hoibríochtaí an SRT, féadfar sonraí áirithe a aistriú lasmuigh de LEE. Glactar clásáil chonarthacha chaighdeánacha chun críocha Airteagal 46(2) de Threoir 2016/679CE d’fhonn sonraí pearsanta a aistriú chuig próiseálaithe atá bunaithe i dtríú tíortha. Tá Equiniti ICS Limited, 205 Airport Road West, Belfast, BT3 9ED, ag obair don Banc Ceannais chun réiteach seachfhoinsithe SRT a chur ar fáil d’institiúidí creidmheasa.

Do chearta

Má phróiseálann an SRT nó a cuid gníomhairí do chuid sonraí pearsanta, tá cearta áirithe agat i ndáil leis na sonraí sin. Tugtar achoimre ar na cearta sin thíos. B’fhéidir go mbeidh ar an mBanc Ceannais tuilleadh faisnéise a fháil uait sula mbeidh sé in ann freagra a thabhairt ar d’iarratas. B’fhéidir go mbeidh raon feidhme ceart áirithe faoi réir srianta nó eisceachtaí ar leith dá bhforáiltear faoin reachtaíocht um chosaint sonraí.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach um Chosaint Sonraí (dataprotection@centralbank.ie) nó tríd an bhfoirm iarratais um chearta an duine is ábhar do na sonraí.

Tá na cearta seo a leanas agat:

  • an ceart chun cóip a fháil de na sonraí pearsanta atá againn fút mar aon le faisnéis faoin gcaoi ina bhfuil na sonraí sin á n-úsáid;
  • an ceart iarratas a dhéanamh go ndéanfaí faisnéis mhíchruinn, neamhiomlán nó faisnéis nach bhfuil cothrom le dáta a cheartú;
  • an ceart a iarraidh go srianfar an phróiseáil ar do chuid faisnéise in imthosca áirithe. I gcás ina bhfeidhmeofar an ceart sin, ceadaítear don SRT go fóill do chuid sonraí pearsanta a stóráil.

Tá an ceart agat freisin gearán a dhéanamh tráth ar bith leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.

Ceisteanna agus gearáin

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an SRT, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar info@depositguarantee.ie. Nó, má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le hábhar an fhógra seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí sa Bhanc Ceannais ag dataprotection@centralbank.ie.

Féadfar go leasófar an ráiteas seo maidir le cosaint sonraí ó am go ham agus déanfar aon athruithe ar an ráiteas a fhógairt ar an leathanach seo.

Faisnéis neamhphearsanta a bhailiú agus a úsáid

Faisnéis neamhphearsanta: sonraí a bhailítear chun críocha staidrimh agus nach mbaineann le céannacht ar leith. Déanann an suíomh seo faisnéis theicniúil a bhailiú agus a anailísiú chun measúnú a dhéanamh ar ár suíomh gréasáin. Tá na cineálacha faisnéise teicniúla a logáiltear teoranta don mhéid seo a leanas:

  • Seoladh IP*1 fhreastalaí gréasáin an chuairteora
  • An t-ainm fearainn barrleibhéil a úsáidtear (mar shampla .ie, .com, .org, .net)
  • Na leathanaigh ar tugadh cuairt orthu ar an suíomh gréasáin seo, i.e. tugadh cuairt ar URL*2
  • An seoladh gréasáin trínar tháinig an cuairteoir orainn, lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh
  • Sonraí na conaire cliceála ina léirítear trácht na gcuairteoirí ar fud an tsuímh gréasáin seo (mar shampla, na leathanaigh a osclaíodh)

*1 Is ionann seoladh IP agus aitheantóir ríomhaire nó gléis ar líonra Prótacail Rialaithe Tarchurtha/Prótacail Idirlín (TCP/IP), amhail an Gréasán Domhanda. Baineann líonraí úsáid as prótacal TCP/IP chun faisnéis a threorú bunaithe ar sheoladh IP an chinn scríbe. Is é sin le rá, is ionann seoladh IP agus uimhir a shanntar go huathoibríoch do do ríomhaire nuair a bheidh tú ag scimeáil ar an Idirlíon agus, ar an gcaoi sin, beidh freastalaithe gréasáin ábalta do ríomhaire a aimsiú agus a aithint. Bíonn seoltaí IP ag teastáil ó ríomhairí chun go mbeidh úsáideoirí ábalta cumarsáid, brabhsáil agus siopadóireacht a dhéanamh ar an Idirlíon.

*2 Is ionann URL (Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne) agus seoladh domhanda doiciméad agus acmhainní eile ar an nGréasán Domhanda.