TAISCEOIRÍ COSANTA

Cosanta - Taiscí de chuid:

  1. Daoine Aonair
  2. Trádalaithe Aonair
  3. Comhpháirtíochtaí
  4. Clubanna, cumann, scoileanna agus carthanas
  5. Cuideachtaí
  6. Cistí atá á sealbhú ar iontaobhas nó i gcuntais cliant ag aturnaetha nó ag daoine gairmiúla eile, féadfaidh go mbeidh siad incháilithe i gcás ina mbeidh na buntairbhithe incháilithe as a gceart féin
  7. Pinsin bheaga fhéinriartha

Neamhchosanta

Taiscí de chuid:
  1. Banc, comhar chreidmheasa agus cumann foirgníochta
  2. Daoine a cúisíodh (ar feitheamh cinnidh ó chúirt) nó a ciontaíodh i gcionta sciúrtha airgid
  3. Institiúidí Airgeadais
  4. Gnólachtaí Infheistíochta
  5. Cuntais Taiscí in An Post - ní chlúdaítear cuntais taiscí ar seilbh in An Post faoin Scéim Ráthaíochta Taiscí.  Mar sin féin, ba cheart a chur san áireamh gur Coigiltis Stáit iad taiscí a shealbhaítear i mBanc Taisce an Phoist agus tá oibleagáid gan choinníoll ar Rialtas na hÉireann iad a aisíoc.  Tá tuilleadh eolais maidir le Coigiltis Stáit le fáil ar statesavings.ie)
  6. Taisceoirí nár éirigh lena n-institiúidí creidmheasa iad a aithint riamh i gcomhréir leis an reachtaíocht um fhrithsciúradh airgid
  7. Gnóthais Árachais agus Athárachais
  8. Gnóthais Chomhinfheistíochta
  9. Údaráis Phoiblí
  10. Scéim pinsean nó ciste scoir (seachas scéim pinsean bheag, fhéinriartha)
  11. Fiachurrúis eisithe ag institiúid chreidmheasa agus dliteanais a eascraíonn as féinghlacacht agus as nótaí gealltanais