Séanadh

Is chun críocha faisnéise amháin a sholáthraítear aon fhaisnéis ar an suíomh seo, agus ní conradh dlíthiúil í an fhaisnéis sin idir an suíomh seo agus aon duine nó eintiteas mura sonraítear a mhalairt. Beidh an fhaisnéis ar an suíomh seo faoi réir athrú gan fógra. Cé go bhfuil gach iarracht réasúnach déanta faisnéis reatha, chruinn a sholáthar, ní thugtar aon ráthaíocht d'aon chineál.

 Féadfaidh go n-áireofar ar an suíomh gréasáin seo, faisneis a bheidh dréachtaithe agus cothabháilte ag foinsí inmheánacha agus foinsí seachtracha araon. I gcás ar bith, ní bheidh an suíomh seo freagrach as aon damáiste nó aon chaillteanas, ná ní bheidh sé faoi dhliteanas i leith an chéanna, go díreach nó go hindíreach, ar damáiste nó caillteanas é a tharla nó a líomhnaítear a tharla de thoradh úsáid inneachair earraí nó seirbhísí atá ar fáil ar an suíomh nó tríd an suíomh,  nó i dtaca le húsáid an chéanna, nó de thoradh spleáchais nó i dtaca le spleáchas ar an gcéanna.

 Ní dhéanfar aon naisc chuig suíomhanna gréasáin seachtracha a fhorléiriú mar ráiteas tacaíochta i ndáil le hinneachar nó tuairimí na n-ábhar nasctha sin.