Eolas Fúinn

Faoin Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT), cosnaítear taisceoirí i gcás nach mbeidh banc, cumann foirgníochta nó comhar creidmheasa atá údaraithe ag an mBanc Ceannais ábalta taiscí a aisíoc.         .

Bíonn an SRT á riaradh ag Banc Ceannais na hÉireann agus á cistiú ag na hinstitiúidí creidmheasa a chlúdaítear faoin scéim.              

Leis an SRT, cosnaítear:

  • Taisceoirí i gcás nach mbeidh banc, cumann foirgníochta nó comhar creidmheasa atá údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann ábalta taiscí a aisíoc
  • Taiscí suas le €100,000 in aghaidh an duine, in aghaidh na hinstitiúide
  • Cuntais reatha, cuntais taisce, cuntais scaireanna i mbainc, i gcumainn fhoirgníochta agus i gcomhair chreidmheasa

Faoi SRT na hÉireann, cosnaítear taiscí i mbrainsí Éireannacha agus AE d’institiúidí creidmheasa atá údaraithe in Éirinn. Taiscí atá á sealbhú in institiúidí creidmheasa atá údaraithe i mBallstát eile den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, beidh siad sin clúdaithe faoi scéim ráthaíochta taiscí na tíre sin. .