An Scéim Rathaíochta Taiscí - Íocaíochtaí Cúitimh eisithe

By SRT
Thursday, 10th November 2016
Filed under:
10 Samhain 2016: Íocaiochtaí ón Scéim Rathaíochta Taiscí eisithe. 

Tar éis an Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT) a thionscnamh an 2 Samhain 2016, d’eisigh an SRT íocaíochtaí cúitimh trí sheic le tuairim is 9700 comhalta de Chomhar Creidmheasa an Rois.  B’ionann méid iomlán an chúitimh arna íoc go dtí seo agus €22.3 milliún, is é sin 98% de na taiscí a chlúdaítear faoin Scéim.  Ba cheart go bhfaighidh comhaltaí a gcuid íocaíochtaí ón 11 Samhain 2016.

I gcásanna áirithe, féadfaidh go mbeidh faisnéis bhreise ag teastáil ón SRT sula bhféadfar íocaíochtaí cúitimh a íoc.  Mar shampla, ní mór Foirm um Athrú Seolta a thíolacadh sula bhféadfar íocaíochtaí a eisiúint chuig taisceoirí i gcás nach raibh sonraí an tseolta reatha ar fáil don Chomhar Creidmheasa.  Féadfar foirm SRT um Athrú Seolta a fháil  anseo

2 Samhain 2016: Faisnéis do Chomhaltaí Chomhar Creidmheasa an Rois. 

Rinne Banc Ceannais na hÉireann (an “Banc Ceannais”) iarratas chun na hArd-Chúirte inniu chun comhleachtaitheoirí sealadacha a cheapadh chuig Comhar Creidmheasa an Rois Teoranta (“Comhar Creidmheasa an Rois”). Ceapadh Jim Luby agus Tom Rogers ó McStay Luby mar chomhleachtaitheoirí sealadacha ag Uachtarán na hArd-Chúirte, an Breitheamh Onórach Peter Kelly.  

Tar éis na comhleachtaitheoirí sealadacha a cheapadh, tionscnaíodh an Scéim Ráthaíochta Taiscí (an “SRT”). Déanfar íocaíochtaí a sheoladh go huathoibríoch chuig an seoladh a bheidh ar taifead ag an gcomhar creidmheasa. Ní gá do chomhaltaí teagmháil a dhéanamh leis an gcomhar creidmheasa nó leis an mBanc Ceannais toisc go ndéanfar na híocaíochtaí cúitimh a eisiúint go huathoibríoch trí sheic chuig na taisceoirí go léir arna bhfíorú go cuí. Déanfaidh an SRT na híocaíochtaí cúitimh go léir le taisceoirí arna bhfíorú go cuí a luaithe is féidir laistigh de spriocdháta reachtúil 20 lá oibre.

Foirmeacha

Taisceoirí ar mian leo athrú seolta a chur in iúl don SRT, ba cheart dóibh cliceáil anseo chun an Fhoirm um Athrú Seolta a íoslódáil.

Ainmni/Ionadaithe pearsanta de chuid taisceoirí éagtha, ba cheart dóibh cliceáil anseo más mian leo Foirm Éilimh maidir le Comhalta Éagtha.

Tá Íocaíochtaí Cúitimh arna n-eisiúint chuig taisceoirí bunaithe ar an méid a bhí á shealbhú i scaireanna agus/nó ar an méid a bhí ar taisce lúide aon riaráistí a bhí dlite nuair a ceapadh na Comhleachtaitheoirí Sealadacha chuig Comhar Creidmheasa an Rois.  Má mheasann tú nach bhfeagraíonn an méid a fuair tú do na scaireanna/don taisce a bhí ar seilbh agat, lúide riaráistí, líon isteach an fhoirm seo chun Foirm Éilimh do Thaisceoirí a íoslódáil.

Tá freagraí ar cheisteanna chomhaltaí Chomhar Creidmheasa an Rois maidir leis an SRT le fáil sna Ceisteanna Coitianta.

Ginearálta 

Cén fáth ar glacadh an gníomh seo?

Bhí faireachán á dhéanamh ag an mBanc Ceannais ar Chomhar Creidmheasa an Rois le roinnt blianta  anuas agus, le linn na tréimhse sin, rinne sé imscrúdú ar ghnéithe dá ghnó.  Tá an Banc Ceannais den  tuairim go raibh roinnt cúiseanna éagsúla le mainneachtain Comhar Creidmheasa an Rois, lena n áirítear saincheisteanna a bhain le rialachas, rialuithe inmheánacha, na cleachtais um iasachtú agus  luacháil a áitribh. D’ainneoin na ndearbhuithe a thug Comhar Creidmheasa an Rois don Bhanc  Ceannias, agus d’ainneoin gur tugadh deis don chomhar creidmheasa dul i ngleic leis na  saincheisteanna lena mbaineann,  tá an Banc Ceannais den tuairim nach ndeacthas i ngleic go sásúil  leo. Le linn dó iarratas a dhéanamh ar fhoirceannadh an chomhair creidmheasa, bhreithnigh an Banc  Ceannais feidhmíocht airgeadais Chomhar Creidmheasa an Rois agus cumas srianta an chomhair  creidmheasa a staid anásta airgeadais a fheabhsú. Tá clár comhardaithe Chomhar Creidmheasa an  Rois dócmhainneach (bunaithe ar chuntais bainistíochta arna gcur faoi bhráid an Bhainc Ceannais an  31 Lúnasa 2016). 

Déanfar taiscí incháilithe uile na gcomhaltaí a chúiteamh faoin Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT). 

Céard a chiallaíonn sé seo do chomhaltaí Chomhar Creidmheasa an Rois?

Ar feitheamh cinnidh chríochnaithigh ón gcúirt, ceapadh Comhleachtaitheoirí Sealadacha chun maoirsiú a dhéanamh ar dhúnadh agus ar fhoirceannadh Chomhar Creidmheasa an Rois. Is iad na Comhleachtaitheoirí Sealadacha a bhainisteoidh na saincheisteanna go léir a bhaineann le foirceannadh seirbhísí. 

Tar éis na Comhleachtaitheoirí Sealadacha a cheapadh, tionscnaíodh an Scéim Ráthaíochta Taiscí  (SRT).  Gheobhaidh comhaltaí Chomhar Creidmheasa an Rois cúiteamh i leith a gcuid taiscí incháilithe  go feadh €100,000 in aghaidh an taisceora. Déanfaidh an SRT íocaíochtaí cúitimh le taisceoirí a  bheidh fíoraithe go cuí a luaithe is féidir laistigh de spriocdháta reachtúil 20 lá.  

Leis an ngníomh seo, déantar seirbhísí comhair creidmheasa a bhaint ó chomhaltaí an chomhair creidmheasa. An bhfuil aon socruithe i bhfeidhm chun na seirbhísí seo a sholáthar sa cheantar áitiúil?

Is eol don Bhanc Ceannais go bhfuil éileamh ar sheirbhísí comhair creidmheasa sa cheantar  áitiúil agus scrúdóidh sé cé na socruithe a fhéadfar a chur i bhfeidhm chun seirbhísí sonracha  comhair creidmheasa a sholáthar sa phobal sin amach anseo.  Ba mhaith leis an mBanc  Ceannais go mbeadh seirbhísí comhair creidmheasa ar fáil do mhuinir an Rois agus do mhuintir Lusca.    
I gcásanna áirithe, féadfaidh comhaltaí seirbhísí a fháil ó chomhar creidmheasa eile sa  cheantar má théann an comhcheangal chomh fada lena ndúiche féin nó trína áit oibre.   

Céard a tharlóidh anois don iasacht atá agam agus Comhar Creidmheasa an Rois faoi leachtú?

Ba cheart duit leanúint d'aisíocaíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann le haon iasacht. Níl aon athrú ar na hoibleagáidí aisíocaíochta atá ar chomhaltaí de thoradh an leachtaithe e.g. ní fhéadfar sceideal aisíocaíochta níos sciobtha a fhorchur.  Leanfar leis na híocaíochtaí de réir mar a bheidh leagtha amach sna téarmaí agus coinníollacha reatha.  Rachaidh na Comhleachtaitheoirí Sealadacha i dteagmháil leis na comhaltaí go léir a bhfuil iasachtaí gan íoc acu chun socruithe a dhéanamh maidir leis an aisíocaíocht. 


Má tá aon cheisteanna agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na Comhleachtaitheoirí Sealadacha ar 01 676 3566.  

Céard a tharlóidh d’iarratais ó chomhaltaí ar iasachtaí? An ndéanfar iasachtaí a phróiseáil?

Ó tharla go bhfuil an Comhar Creidmheasa faoi leachtú, ní dhéanfar iarratais ar iasachtaí a phróiseáil. 

Cén ról atá ag na Comhleachtaitheoirí Sealadacha? Cé a ceapadh mar Chomhleachtaitheoirí Sealadacha agus cén chaoi ar féidir teagmháil a dhéanamh leo?

Is oifigigh arna gceapadh ag an gcúirt iad Comhleachtaitheoirí Sealadacha Chomhar Creidmheasa an Rois, Jim Luby agus Tom Rogers, agus tá siad go hiomlán neamhspleách ar Chomhar Creidmehasa an Rois.  Is iad seo a leanas príomhchuspóirí na gComhleachtaitheoirí Sealadacha (i) oibriú i gcomhar leis an SRT chun a áirithiú go ndéanfar cúiteamh a íoc le taisceoirí a bheidh fíoraithe go cuí, agus (ii) a áirithiú go mbainfear na torthaí is fearr amach do chreidiúnaithe Chomhar Creidmheasa an Rois trí shocruithe a dhéanamh le go leanfar d’iasachtaí a íoc etc. Ba cheart aon cheisteanna maidir le haisíocaíochtaí iasachtaí a dhíriú ar na Comhleachtaitheoirí Sealadacha.  


Ceapadh Jim Luby agus Tom Rogers ó McStay Luby mar Chomhleachtaitheoirí Sealadacha ar Chomhar Creidmheasa an Rois.  Is iad seo a leanas sonraí teagmhála na gComhleachtaitheoirí Sealadacha:  


Seoladh Poist - McStay Luby, Dargan House, 21-23 Sráid na bhFíníní, Baile Átha Cliath 2  
Suíomh Gréasáin – www.mcstayluby.ie 
Ríomhphost– rescue@mcstayluby.ie  
Teileafón – 01 676 3566 

An é seo an chéad uair ar tionscnaíodh an SRT?

Ní hé. Rinneadh an SRT a thionscnamh i ndiaidh leachtú IBRC i mí Feabhra 2013 agus Berehaven Credit Union i mí Iúil 2014. 

Cúiteamh SRT a íoc 

Conas a gheobhaidh mé mo chuid airgid? Cathain a gheobhaidh mé mo chuid airgid?

Ní ga do chomhaltaí éileamh a dhéanamh ar chúiteamh SRT. Déanfaidh na Comhleachtaitheoirí  Sealadacha sonraí comhaltaí incháilithe a bheidh fíoraithe go cuí agus iarmhéideanna bainc a chur in  iúl don SRT. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an SRT íocaíochtaí le comhaltaí trí sheiceanna a sheoladh  chuig an seoladh a bheidh ar taifead dóibh ag Comhar Creidmheasa an Rois.  

Eiseoidh an SRT íocaíochtaí cúitimh chuig taisceoirí a bheidh fíoraithe go cuí a luaithe is féidir laistigh  de spriocdháta reachtúil 20 lá.  

Cén fhad a thógfaidh sé an seic a ghlanadh má dhéanaim é a lóisteáil i mo chuntas bainc?

De ghnáth, déantar seiceanna a ghlanadh laistigh de 3-5 lá oibre. Féadfar tuilleadh faisnéise a fháil ar  shuíomh gréasáin Chónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann. 

Tá athrú tagtha ar mo sheoladh. An bhféadfar an seic a sheoladh chuig mo sheoladh nua?

I gcás nár chuir tú athrú seolta in iúl do Chomhar Creidmheasa an Rois, déanfar íocaíochtaí a eisiúint chuig an seoladh deireanach a bhí ar taifead ag Comhar Creidmheasa an Rois duit. Chun go ndéanfar íocaíocht a eisiúint chuig do sheoladh nua, beidh ort foirm SRT um Athrú Seolta a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais. 


I gcás go raibh Comhar Creidmheasa an Rois ar an eolas maidir le hathrú seolta ach nach ndearnadar sonraí an tseolta a nuashonrú, cuirfear moill ar an íocaíocht go dtí go mbeidh foirm SRT um Athrú Seolta faighte.


Féadfar foirm SRT um Athrú Seolta a íoslódáil ó depositguarantee.ie/ga. Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig an seoladh a bheidh sonraithe ar an bhfoirm. 

An féidir liom an Fhoirm um Athrú Seolta nó an Fhoirm Éilimh maidir le Comhalta Éagtha a sheoladh isteach ar an ríomhphost, ar facs nó trí shuíomh gréasáin an SRT?

Is féidir iad a sheoladh leis an ríomhphost freisin chuig info@depositguarantee.ie. Má roghnaíonn tú an modh seo áfach, tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir leis an SRT dearbhú a thabhairt i leith slándáil traschur sonraí má chuirtear chugainn leis an ríomphost iad. Is féidir an Fhoirm um Athrú Seolta a íoslódáil ó depositguarantee.ie agus tá na doiciméid tacaíochta a bheidh ag teastáil liostaithe ar an bhfoirm sin freisin.

Céard a tharlóidh i gcás ina mbeidh sealbhóir cuntais éagtha?

Ba cheart go ndéanfadh Ainmní/Ionadaí Pearsanta an duine éagtha Foirm Éilimh SRT maidir le Comhalta Éagtha a chomhlánú.  Féadfar Foirm Éilimh SRT maidir le Comhalta Éagtha a íoslódáil ó depositguarantee.ie 

Tá cuntas coigiltis ag mo pháiste le Comhar Creidmheasa an Rois. Céard a tharlóidh dá choigilteas/coigilteas?

Déanfaidh an SRT seic a sheoladh go huathoibríoch in ainm an tsealbhóra cuntais i leith an iarmhéid a bhí sa chuntas amhail ar an dáta a ceapadh an leachtaitheoir. Ní mór don sealbhóir cuntais cuntas a bheith aige/aici le hinstitiúid eile chun go mbeidh sé/sí in ann an seic sin a lóisteáil. 

Céard is féidir liom a dhéanamh mura n-aontaím le méid an chúitimh a d’íoc an SRT liom?

Tá íocaíochtaí cúitimh arna n-eisiúint chuig taisceoirí bunaithe ar an méid a bhí á shealbhú i  scaireanna agus/nó an méid a bhí ar taisce lúide aon riaráistí a bhí dlite nuair a ceapadh na  Comhleachtaitheoirí Sealadacha chuig Comhar Creidmheasa an Rois. Ma mheasann tú nach  bhfeagraíonn an méid a fuair tú do na scaireanna/don taisce a bhí ar seilbh agat, lúide riaráistí, ba  cheart duit an Fhoirm Éilimh do Thaisceoirí a íoslódáil ó depositguarantee.ie/ga. 

An bhfuil mo chuntas buiséid leis an gComhar Creidmheasa clúdaithe faoin SRT?

Clúdaítear cuntais buiséid a bhfuil iarmhéid sochair iontu faoin SRT. Bíonn iarmhéid dochair nó sochair i gcuntas buiséid ag brath ar eis-sreabhadh cistí chun freastal ar bhillí sceidealaithe. Má tá iarmhéid dochair i do chuntas buiséid, beidh ort an méid atá dlite a íoc. 

Bhí cuntas taisce agam le Comhar Creidmheasa an Rois ach bhain mé an t-airgead amach. Tá seic neamhbhriste anois agam don iarmhéid taisce. An bhfuil mé i dteideal cúitimh?

Seiceanna neamhbhriste a bhaineann le hiarmhéideanna cuntas taisce arna sealbhú i gComhar Creidmheasa an Rois, féadfaidh go mbeidh siad i dteideal cúitimh.  Má tá seic den sórt sin agat, téigh i dteagmháil leis na Comhleachtaitheoirí Sealadacha. 

Cúiteamh a ríomh 

Cén chaoi a ríomhfaidh an SRT méid an chúitimh a bheidh ag dul dom?

Is é €100,000 an t-uasmhéid cúitimh is iníoctha in aghaidh an duine in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa.


Tá an cúiteamh bunaithe ar na hiarmhéideanna a bhí sna cuntais i gComhar Creidmheasa an Rois  amhail ag am scoir gnó ar an dáta a ceapadh na Comhleachtaitheoirí Sealadacha agus áirítear ann  aon ús a bhí dlite anuas go dtí an dáta sin. Déantar na hiarmhéideanna go léir arna sealbhú in ainm  an chomhalta (lena n-áirítear iarmhéideanna arna sealbhú i gcomhchuntas nó mar thairbhí i gcuntas  iontaobhais) a chomhbhailiú d’fhonn an t-uasmhéid cúitimh atá dlite don chomhalta ón SRT a ríomh.  

Gheobhaidh an SRT faisnéis ó na Comhleachtaitheoirí Sealadacha ina sonrófar taiscí a bheidh i  dteideal cúitimh mar aon le miondealú ar chuntais agus iarmhéideanna leithleacha. Tá íocaíochtaí  cúitimh arna n-eisiúint chuig taisceoirí bunaithe ar an méid a bhí á shealbhú i scaireanna agus/nó an  méid a bhí ar taisce lúide aon riaráistí a bhí dlite nuair a ceapadh na Comhleachtaitheoirí Sealadacha  chuig Comhar Creidmheasa an Rois. Ma mheasann tú nach bhfeagraíonn an méid a fuair tú do na  scaireanna/don taisce a bhí ar seilbh agat, lúide riaráistí, ba cheart duit an Fhoirm Éilimh do  Thaisceoirí ó depositguarantee.ie/ga a íoslódáil.  

Beidh méid an chúitimh a gheobhaidh tú comhionann le hiarmhéid iomlán do chuid cuntas amhail ar  dháta ceaptha na gComhleachtaitheoirí go feadh uasteorainn €100,000 in aghaidh an taisceora.  

Ní bheidh an SRT ábalta cuntais nó méideanna leithleacha a phlé le haon chomhalta go dtí go mbeidh  faisnéis fhíoraithe faighte againn ó na Comhleachtaitheoirí Sealadacha.  

An ndéanfar aon airgead atá ag Comhar Creidmheasa an Rois orm a fhritháireamh in aghaidh mo choigiltis nuair a bheidh méid an chúitimh á ríomh?

De ghnáth, ní dhéanfar dliteanais amhail iasachtaí a fhritháireamh in aghaidh taiscí nuair a  bheidh cúiteamh SRT á ríomh. Ar a shon sin, féadfaidh na Comhleachtaitheoirí Sealadacha, i  gcás ina mbeidh siad i dteideal déanamh amhlaidh, riaráistí a fhritháireamh i gcás ina raibh  siad dlite roimh nó ar dháta an leachtaithe.  

Rachaidh na Comhleachtaitheoirí Sealadacha i dteagmháil leis na comhaltaí go léir chun socruithe  a dhéanamh maidir le haisíoc iasachtaí.  

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le hiasachtaí nó riaráistí, is féidir leat teagmháil a  dhéanamh leis na Comhleachtaitheoirí Sealadacha ar 01 676 3566. 

Rinneadh íocaíocht isteach i mo chuntas an lá/roinnt laethanta sular ceapadh na Comhleachtaitheoirí Sealadacha ar Chomhar Creidmheasa an Rois ach is cosúil nár cuireadh an íocaíocht sin le m’iarmhéid cuntais. An ndéanfar an t-iarmhéid cuntais a thabhairt cothrom le dáta chun an íocaíocht sin a léiriú?

Gheobhaidh an SRT faisnéis ó na Comhleachtaitheoirí Sealadacha ina mionsonrófar iarmhéideanna  taiscí leithleacha sna cuntais go léir arna sealbhú ag comhaltaí. Mura n-aontaíonn comhalta leis an  méid a íocfar leo, ba cheart dóibh Foirm Éilimh do Thaisceoirí a chomhlánú agus a sheoladh chuig an  SRT ag an seoladh a bheidh sonraithe ar an bhfoirm.   Beidh an Fhoirm Éilimh do Thaisceoirí ar fáil ar  depositguarantee.ie/ga. 

Tá airgead agam i gcomhchuntas le Comhar Creidmheasa an Rois. Cén chaoi a n-íocfaidh an SRT an cúiteamh sin?

Déanfar comhchuntas a roinnt go cothrom idir na taisceoirí i gcás nach mbeidh forálacha speisialta  ann a sháróidh an socrú caighdeánach go roinnfear go cothrom é.  An méid a gheobhaidh gach  sealbhóir cuntais i leith comhchuntais, déanfar é sin a chomhiomlánú le haon iarmhéideanna eile a  bheidh ar seilbh ag an sealbhóir cuntais sin. Ciallaíonn sé seo go mbeadh gach sealbhóir cuntais i  gcomhchuntas incháilithe le haghaidh cúitimh go feadh uasteorainn €100,000 in aghaidh an duine.