Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche - Íocaíochtaí Eisithe ón Scéim Rathaíochta Taiscí

By DGS
Friday, 10th July 2020
Filed under: Nuacht

10 Iúil 2020: Íocaíochtaí Eisithe ón Scéim Rathaíochta Taiscí.

I ndiaidh thionscnamh na Scéime Ráthaíochta Taiscí ar an 2 Iúil 2020, d’eisigh an SRT íocaíochtaí cúitimh le seic chuig tuairim is 4,600 comhalta de Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche. Is ionann méid iomlán an chúitimh arna íoc go dtí seo agus tuairim is €12.9 milliún, is é sin 95% de na taiscí incháilithe a chlúdaítear faoin Scéim. Ba cheart go bhfaighidh comhaltaí a gcuid íocaíochtaí go luath.

I gcásanna áirithe, beidh faisnéis bhreise de dhíth ón SRT sula bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh, mar shampla i gcás eastát comhalta éagtha nó má tá gá le sonraí seolta nua. Tá tuilleadh faisnéise le fáil sna Ceisteanna Coitianta.

2 Iúil 2020: Ráthaíocht Taiscí tionscanta i leith Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche.

Rinne Banc Ceannais na hÉireann (”Banc Ceannais”) iarratas chun na hArd-Chúirte inniu chun comhleachtaitheoirí sealadacha a cheapadh chuig Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche (”Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach”). Ceapadh Stephen Tennant agus Nicholas O’Dwyer ó Grant Thornton mar chomhleachtaitheoirí sealadacha.

Tar éis na comhleachtaitheoirí sealadacha a cheapadh, tionscnaíodh an Scéim Ráthaíochta Taiscí (”SRT”). Faoin SRT, cosnaítear taiscí suas le €100,000 in aghaidh an duine, in aghaidh na hinstitiúide. Déanfar íocaíochtaí a eisiúint go huathoibríoch chuig an seoladh deireanach a bheidh ar taifead ag an gcomhar creidmheasa don chomhalta. Ní gá do chomhaltaí teagmháil a dhéanamh leis an gcomhar creidmheasa nó leis an mBanc Ceannais toisc go ndéanfar na híocaíochtaí cúitimh a eisiúint go huathoibríoch le seic chuig na taisceoirí go léir a bheidh fíoraithe go cuí. Déanfar na híocaíochtaí seo a luaithe is féidir laistigh de spriocdháta reachtúil 15 lá.

Foirmeacha

Taisceoirí ar mian leo athrú ar a seoladh a chur in iúl don SRT, ba cheart dóibh cliceáil anseo chun an Fhoirm um Athrú Seolta a íoslódáil.

Ba cheart d’Ainmnithe/d’Ionadaithe Pearsanta de chuid taisceoirí éagtha cliceáil anseo chun Foirm Éilimh maidir le Comhalta Éagtha a íoslódáil.

Tá freagraí ar cheisteanna ó chomhaltaí Chomhar Creidmheasana Dhroim Conrach maidir leis an SRT le fáil sna Ceisteanna Coitianta.

Cliceáil anseo chun leagan PDF de na Ceisteanna Coitianta a fháil.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar centralbank.ie maidir le ceapachán na gcomhleachtaitheoirí sealadacha chuig Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche.

Ginearálta 

Conas a gheobhaidh mé mo chuid airgid? Cathain a gheobhaidh mé mo chuid airgid?

Ní ga do chomhaltaí éileamh a dhéanamh ar chúiteamh ón Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT). Déanfaidh na comhleachtaitheoirí sealadacha sonraí de chuid comhaltaí incháilithe a bheidh fíoraithe go cuí a chur in iúl don SRT mar aon le hiarmhéideanna bainc. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an SRT íocaíochtaí le comhaltaí trí sheiceanna a sheoladh chuig an seoladh a bheidh ar taifead ag Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche

Eiseoidh an SRT íocaíochtaí cúitimh chuig taisceoirí a bheidh fíoraithe go cuí a luaithe is féidir laistigh de spriocdháta reachtúil 20 lá.

Cén fhad a thógfaidh sé an seic a ghlanadh má dhéanaim é a lóisteáil i mo chuntas bainc?

De ghnáth, déantar seiceanna a ghlanadh laistigh de 3-5 lá oibre. Féadfar tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin Chónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann.  

I gcás nár chuir tú an t-athrú seolta in iúl do Chomhar Creidmheasa na Rátha, déanfar íocaíochtaí a eisiúint chuig an seoladh deireanach a bhí ar taifead ag Comhar Creidmheasa na Rátha duit. Chun go ndéanfar íocaíocht a eisiúint chuig an sholadh nua, beidh ort foirm SRT um Athrú Seolta a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais.  

I gcás ina raibh Comhar Creidmheasa na Rátha ar an eolas maidir leis an athrú seolta ach nach raibh sonraí an tseolta nua acu, déanfar an íocaíocht a chur siar go dtí go bhfaighfear foirm SRT um Athrú Seolta.  

Féadfar foirm SRT um Athrú Seolta a íoslódáil ó depositguarantee.ie. Ba cheart go seolfaí foirmeacha comhlánaithe chuig an seoladh a bheidh tugtha ar an bhfoirm. 

An féidir liom an Fhoirm um Athrú Seolta nó an Fhoirm Éilimh maidir le Comhalta Éagtha a chur isteach leis an ríomhphost, ar facs nó ar shuíomh gréasáin an SRT?

Ba cheart foirmeacha comhlánaithe agus doiciméid tacaíochta a sheoladh chuig an seoladh atá ar an bhfoirm. Is féidir iad a sheoladh leis an ríomhphost freisin chuig info@depositguarantee.ie. Má roghnaíonn tú an modh seo áfach, tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir leis an SRT dearbhú a thabhairt i leith slándáil traschur sonraí má chuirtear chugainn leis an ríomphost iad. Is féidir an Fhoirm um Athrú Seolta a íoslódáil ó depositguarantee.ie agus tá na doiciméid tacaíochta a bheidh ag teastáil liostaithe ar an bhfoirm sin freisin.

An féidir liom an Fhoirm Éilimh maidir le Comhalta Éagtha a chur isteach leis an ríomhphost, ar facs nó trí shuíomh gréasáin an SRT?

Tá an fhoirm bunaidh mar aon le doiciméid tacaíochta bunaidh ag teastáil ón SRT chun éileamh a phróiseáil agus, dá bhrí sin, ní féidir foirmeacha a chur chuig an SRT ach amháin leis an bpost. Is féidir an Fhoirm Éilimh maidir le Comhalta Éagtha a íoslódáil ó info@depositguarantee.ie agus tá na doiciméid tacaíochta a bheidh ag teastáil liostaithe ar an bhfoirm sin.

Céard a tharlóidh i gcás ina mbeidh sealbhóir cuntais éagtha?

Ba cheart d’Ainmní/Ionadaí Pearsanta an duine éagtha Foirm Éilimh SRT maidir le Comhalta Éagtha a chomhlánú.   Féadfar Foirm Éilimh SRT maidir le Comhalta Éagtha a íoslódáil ó info@depositguarantee.ie

Tá cuntas coigiltis ag mo pháiste le Comhar Creidmheasa na Rátha. Céard a tharlóidh dá choigilteas/coigilteas?

Déanfaidh an SRT seic a sheoladh go huathoibríoch in ainm an tsealbhóra cuntais i leith an iarmhéid a bhí sa chuntas amhail ar an dáta a ceapadh an leachtaitheoir. Ní mór don sealbhóir cuntais cuntas a bheith aige/aici le hinstitiúid eile chun go mbeidh sé/sí in ann an seic seo a lóisteáil. 

An bhfuil mo chuntas buiséid leis an gComhar Creidmheasa clúdaithe faoin SRT?

Clúdaítear cuntais buiséid a bhfuil iarmhéid sochair iontu faoin SRT. Bíonn iarmhéid dochair nó sochair i gcuntas buiséid ag brath ar eis-sreabhadh cistí chun freastal ar bhillí sceidealaithe.  Má tá iarmhéid dochair i do chuntas buiséid, beidh ort an méid atá dlite a íoc. 

Bhí cuntas taisce agam le Comhar Creidmheasa na Rátha ach bhain mé an t-airgead amach. Tá seic neamhbhriste anois agam don iarmhéid taisce. An bhfuil mé i dteideal cúitimh?

Seiceanna neamhbhriste a bhaineann le hiarmhéideanna cuntas taisce arna sealbhú i gComhar Creidmheasa na Rátha, féadfaidh go mbeidh siad i dteideal cúitimh. Má tá seic den sórt sin agat, téigh i dteagmháil leis na comhleachtaitheoirí sealadacha, le do thoil.