Eolas do thaisceoirí a bhfuil taiscí acu i mbainc atá údaraithe i Stát Eorpach eile

By SRT
Thursday, 22nd February 2024
Filed under:

Clúdaíonn Scéim Ráthaíochta Taiscí na hÉireann (“SRT”) taiscí atá á sealbhú i mbainc agus i gcomhair chreidmheasa in Éirinn atá údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann.  Tá liosta de na hinstitiúidí sin ar fáil ag an nasc seo https://registers.centralbank.ie/prerenderedreports/2.pdf

faoi “Alt 1 - Údaruithe arna n-eisiúint chuig Institiúidí Creidmheasa chun gnó baincéireachta a sheoladh sa Stát faoi Reachtaíocht na hÉireann - (a) Bainc arna gceadúnú de bhun Alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais, 1971”:

Faoi Alt 2(b) ag an nasc thuas, liostaítear freisin “Institiúidí Creidmheasa Eorpacha atá údaraithe i mBallstát eile den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus atá ag oibriú sa Stát ar bhonn brainse nó trasteorann”.  Sa liosta sin, leagtar amach bainc atá údaraithe i dtíortha eile den LEE agus áirítear sonraí maidir lena dtír (údarúcháin) bhunaidh.

Taiscí incháilithe atá á sealbhú in institiúidí creidmheasa arna n-údarú i mBallstát eile den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), beidh siad sin cumhdaithe faoi scéim ráthaíochta taiscí na tíre sin.  Aon cheisteanna maidir le hincháilitheacht faoi scéim ráthaíochta taiscí le haghaidh banc atá údaraithe i stát eile den LEE, ba chóir iad a dhíriú ar scéim ráthaíochta taiscí an bhallstáit lena mbaineann.