Íocaíochtaí Eisithe ón Scéim Rathaíochta Taiscí

By SRT
Tuesday, 24th October 2017
Filed under: Nuacht

24 Deireadh Fómhair 2017: Íocaíochtaí Eisithe ón Scéim Rathaíochta Taiscí. 

I ndiaidh thionscnamh na Scéime Ráthaíochta Taiscí an 13 Deireadh Fómhair 2017, d’eisigh an SRT íocaíochtaí cúitimh le seic chuig tuairim is 10,900 comhalta de chuid Comhar Creidmheasa na Rátha.  Is ionann méid iomlán an chúitimh arna íoc go dtí seo agus tuairim is €39.2 milliún, is é sin 98% de na taiscí incháilithe a chlúdaítear faoin Scéim.  Ba cheart go bhfaighidh comhaltaí a gcuid íocaíochtaí go luath.

I gcásanna áirithe, beidh faisnéis bhreise de dhíth ón SRT sula bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh, mar shampla i gcás eastát comhalta éagtha.   Tá tuilleadh faisnéise le fáil sna Ceisteanna Coitianta.

13 Deireadh Fómhair 2017: Tionscnaíodh an Scéim Ráthaíochta Taiscí i leith Chomhar Creidmheasa na Rátha. 

Rinne Banc Ceannais na hÉireann (”an Banc Ceannais”) iarratas chun na hArd-Chúirte inniu chun comhleachtaitheoirí sealadacha a cheapadh chuig Comhar Creidmheasa na Rátha Teoranta (”Comhar Creidmheasa na Rátha”). Ceapadh Jim Hamilton agus David O'Connor ó BDO mar chomhleachtaitheoirí sealadacha.

Tar éis na comhleachtaitheoirí sealadacha a cheapadh, tionscnaíodh an Scéim Ráthaíochta Taiscí (”SRT”). Faoin SRT, cosnaítear taiscí go feadh €100,000 in aghaidh an duine, in aghaidh na hinstitiúide.  Déanfar íocaíochtaí a eisiúint go huathoibríoch chuig an seoladh deireanach a bheidh ar taifead ag an gcomhar creidmheasa don chomhalta. Ní gá do chomhaltaí teagmháil a dhéanamh leis an gcomhar creidmheasa nó leis an mBanc Ceannais toisc go ndéanfar na híocaíochtaí cúitimh a eisiúint go huathoibríoch le seic chuig na taisceoirí go léir a bheidh fíoraithe go cuí. Déanfar na híocaíochtaí seo a luaithe is féidir laistigh de spriocdháta reachtúil 20 lá.

Foirmeacha

Taisceoirí ar mian leo athrú ar a seoladh a chur in iúl don SRT, ba cheart dóibh cliceáil anseo chun an Fhoirm um Athrú Seolta a íoslódáil.

Ba cheart d’Ainmnithe/d’Ionadaithe Pearsanta de chuid taisceoirí éagtha cliceáil anseo chun Foirm Éilimh maidir le Comhalta Éagtha a íoslódáil.

Tá Íocaíochtaí Cúitimh a eisítear chuig taisceoirí bunaithe ar an méid a bhí á shealbhú i scaireanna agus/nó an méid a bhí ar taisce lúide aon riaráistí a bhí dlite nuair a ceapadh na Comhleachtaitheoirí Sealadacha chuig Comhar Creidmheasa na Rátha. Má mheasann tú nach bhfeagraíonn an méid atá faighte agat do na scaireanna/don taisce a bhí ar seilbh agat, lúide riaráistí, cliceáil anseo, le do thoil, chun an Fhoirm Éilimh do Thaisceoirí a íoslódáil.

Tá freagraí ar cheisteanna ó chomhaltaí Chomhar Creidmheasa na Rátha maidir leis an SRT le fáil sna Ceisteanna Coitianta.

Cliceáil anseo chun leagan PDF de na Ceisteanna Coitianta a fháil

Ginearálta 

Conas a gheobhaidh mé mo chuid airgid? Cathain a gheobhaidh mé mo chuid airgid?

Ní ga do chomhaltaí éileamh a dhéanamh ar chúiteamh ón Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT). Déanfaidh na comhleachtaitheoirí sealadacha sonraí de chuid comhaltaí incháilithe a bheidh fíoraithe go cuí a chur in iúl don SRT mar aon le hiarmhéideanna bainc. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an SRT íocaíochtaí le comhaltaí trí sheiceanna a sheoladh chuig an seoladh a bheidh ar taifead ag Comhar Creidmheasa na Rátha dóibh.  

Eiseoidh an SRT íocaíochtaí cúitimh chuig taisceoirí a bheidh fíoraithe go cuí a luaithe is féidir laistigh de spriocdháta reachtúil 20 lá.

Cén fhad a thógfaidh sé an seic a ghlanadh má dhéanaim é a lóisteáil i mo chuntas bainc?

De ghnáth, déantar seiceanna a ghlanadh laistigh de 3-5 lá oibre. Féadfar tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin Chónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann.  

I gcás nár chuir tú an t-athrú seolta in iúl do Chomhar Creidmheasa na Rátha, déanfar íocaíochtaí a eisiúint chuig an seoladh deireanach a bhí ar taifead ag Comhar Creidmheasa na Rátha duit. Chun go ndéanfar íocaíocht a eisiúint chuig an sholadh nua, beidh ort foirm SRT um Athrú Seolta a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais.  

I gcás ina raibh Comhar Creidmheasa na Rátha ar an eolas maidir leis an athrú seolta ach nach raibh sonraí an tseolta nua acu, déanfar an íocaíocht a chur siar go dtí go bhfaighfear foirm SRT um Athrú Seolta.  

Féadfar foirm SRT um Athrú Seolta a íoslódáil ó depositguarantee.ie. Ba cheart go seolfaí foirmeacha comhlánaithe chuig an seoladh a bheidh tugtha ar an bhfoirm. 

An féidir liom an Fhoirm um Athrú Seolta nó an Fhoirm Éilimh maidir le Comhalta Éagtha a chur isteach leis an ríomhphost, ar facs nó ar shuíomh gréasáin an SRT?

Ba cheart foirmeacha comhlánaithe agus doiciméid tacaíochta a sheoladh chuig an seoladh atá ar an bhfoirm. Is féidir iad a sheoladh leis an ríomhphost freisin chuig info@depositguarantee.ie. Má roghnaíonn tú an modh seo áfach, tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir leis an SRT dearbhú a thabhairt i leith slándáil traschur sonraí má chuirtear chugainn leis an ríomphost iad. Is féidir an Fhoirm um Athrú Seolta a íoslódáil ó depositguarantee.ie agus tá na doiciméid tacaíochta a bheidh ag teastáil liostaithe ar an bhfoirm sin freisin.

An féidir liom an Fhoirm Éilimh maidir le Comhalta Éagtha a chur isteach leis an ríomhphost, ar facs nó trí shuíomh gréasáin an SRT?

Tá an fhoirm bunaidh mar aon le doiciméid tacaíochta bunaidh ag teastáil ón SRT chun éileamh a phróiseáil agus, dá bhrí sin, ní féidir foirmeacha a chur chuig an SRT ach amháin leis an bpost. Is féidir an Fhoirm Éilimh maidir le Comhalta Éagtha a íoslódáil ó info@depositguarantee.ie agus tá na doiciméid tacaíochta a bheidh ag teastáil liostaithe ar an bhfoirm sin.

Céard a tharlóidh i gcás ina mbeidh sealbhóir cuntais éagtha?

Ba cheart d’Ainmní/Ionadaí Pearsanta an duine éagtha Foirm Éilimh SRT maidir le Comhalta Éagtha a chomhlánú.   Féadfar Foirm Éilimh SRT maidir le Comhalta Éagtha a íoslódáil ó info@depositguarantee.ie 

Tá cuntas coigiltis ag mo pháiste le Comhar Creidmheasa na Rátha. Céard a tharlóidh dá choigilteas/coigilteas?

Déanfaidh an SRT seic a sheoladh go huathoibríoch in ainm an tsealbhóra cuntais i leith an iarmhéid a bhí sa chuntas amhail ar an dáta a ceapadh an leachtaitheoir. Ní mór don sealbhóir cuntais cuntas a bheith aige/aici le hinstitiúid eile chun go mbeidh sé/sí in ann an seic seo a lóisteáil. 

An bhfuil mo chuntas buiséid leis an gComhar Creidmheasa clúdaithe faoin SRT?

Clúdaítear cuntais buiséid a bhfuil iarmhéid sochair iontu faoin SRT. Bíonn iarmhéid dochair nó sochair i gcuntas buiséid ag brath ar eis-sreabhadh cistí chun freastal ar bhillí sceidealaithe.  Má tá iarmhéid dochair i do chuntas buiséid, beidh ort an méid atá dlite a íoc. 

Bhí cuntas taisce agam le Comhar Creidmheasa na Rátha ach bhain mé an t-airgead amach. Tá seic neamhbhriste anois agam don iarmhéid taisce. An bhfuil mé i dteideal cúitimh?

Seiceanna neamhbhriste a bhaineann le hiarmhéideanna cuntas taisce arna sealbhú i gComhar Creidmheasa na Rátha, féadfaidh go mbeidh siad i dteideal cúitimh. Má tá seic den sórt sin agat, téigh i dteagmháil leis na comhleachtaitheoirí sealadacha, le do thoil. 

Cúiteamh a ríomh 

Cén chaoi a ríomhfaidh an SRT méid an chúitimh a bheidh ag dul dom?

Is é €100,000 an t-uasmhéid cúitimh is iníoctha in aghaidh an duine in aghaidh na hinstitiúide.  

Beidh an cúiteamh bunaithe ar na hiarmhéideanna a bheidh sna cuntais i gComhar Creidmheasa na Rátha amhail ag am scoir gnó ar an dáta a ceapadh na comhleachtaitheoirí sealadacha agus áireofar sa chúiteamh sin aon ús a bheidh dlite anuas go dtí an dáta sin. Déanfar na hiarmhéideanna go léir arna sealbhú in ainm an chomhalta (lena n-áirítear iarmhéideanna arna sealbhú i gcomhchuntas nó mar thairbhí i gcuntas iontaobhais) a chomhbhailiú d’fhonn an t-uasmhéid cúitimh a bheidh dlite don chomhalta ón SRT a ríomh.  

Gheobhaidh an SRT faisnéis ó na comhleachtaitheoirí sealadacha ina sonrófar na taiscí a bheidh i dteideal cúitimh mar aon le miondealú ar chuntais agus iarmhéideanna leithleacha. Beidh méid an chúitimh a gheobhaidh tú comhionann le hiarmhéid iomlán do chuid cuntas amhail ar dháta ceaptha na gcomhleachtaitheoirí sealadacha go feadh uasteorainn €100,000  in aghaidh an taisceora.  

Ní bheidh an SRT ábalta cuntais nó méideanna leithleacha a phlé le haon chomhalta go dtí go mbeidh faisnéis fhíoraithe faighte againn ó na comhleachtaitheoirí sealadacha.

An ndéanfar aon airgead a bheidh ag Comhar Creidmheasa na Rátha orm a fhritháireamh in aghaidh mo choigiltis nuair a bheidh méid an chúitimh á ríomh?

De ghnáth, ní dhéanfar dliteanais amhail iasachtaí a fhritháireamh in aghaidh taiscí nuair a bheidh cúiteamh SRT á ríomh.  Ar a shon sin, féadfaidh na comhleachtaitheoirí sealadacha, i gcás ina mbeidh siad i dteideal déanamh amhlaidh, riaráistí a fhritháireamh más rud é go raibh na riaráistí sin dlite roimh nó ar dháta an leachtaithe.  

Rachaidh na comhleachtaitheoirí sealadacha i dteagmháil leis na comhaltaí go léir chun socruithe a dhéanamh maidir le haisíoc iasachtaí.  

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le hiasachtaí nó riaráistí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na comhleachtaitheoirí sealadacha ar 01 470 0569 nó ag charlevillecu@bdo.ie. 

Rinneadh íocaíocht isteach i mo chuntas an lá/roinnt laethanta sular ceapadh na comhleachtaitheoirí sealadacha ar Chomhar Creidmheasa na Rátha ach is cosúil nár cuireadh an íocaíocht sin le m’iarmhéid cuntais. An ndéanfar an t-iarmhéid cuntais a thabhairt cothrom le dáta chun an íocaíocht sin a léiriú?

Gheobhaidh an SRT faisnéis ó na comhleachtaitheoirí sealadacha ina mionsonrófar iarmhéideanna taiscí leithleacha sna cuntais go léir arna sealbhú ag comhaltaí. Mura n-aontaíonn comhalta leis an méid a íocfar leo, ba cheart dóibh Foirm Éilimh do Thaisceoirí a chomhlánú agus a sheoladh chuig an SRT ag an seoladh a bheidh sonraithe ar an bhfoirm. Beidh an Fhoirm Éilimh do Thaisceoirí ar fáil ar info@depositguarantee.ie 

Tá airgead agam i gcomhchuntas le Comhar Creidmheasa na Rátha. Cén chaoi a n-íocfaidh an SRT an cúiteamh sin?

Déanfar comhchuntas a roinnt go cothrom idir na taisceoirí i gcás nach mbeidh forálacha speisialta ann a sháróidh an socrú caighdeánach go roinnfear go cothrom é.  An méid a gheobhaidh gach sealbhóir cuntais i leith comhchuntais, déanfar é sin a chomhiomlánú le haon iarmhéideanna eile a bheidh ar seilbh ag an sealbhóir cuntais sin. Ciallaíonn sé seo go mbeadh gach sealbhóir cuntais i gcomhchuntas incháilithe le haghaidh cúitimh go feadh uasteorainn €100,000 in aghaidh an duine. 

Céard is féidir liom a dhéanamh mura n-aontaím le méid an chúitimh a d’íoc an SRT liom?

Mura n-aontaíonn comhalta leis an méid a íocadh leo, ba cheart dóibh Foirm Éilimh do Thaisceoirí a chomhlánú agus a sheoladh leis an bpost chuig seoladh SRT atá sonraithe ar an bhfoirm.

Tá Íocaíochtaí Cúitimh a eisítear chuig taisceoirí bunaithe ar an méid a bhí á shealbhú i scaireanna agus/nó an méid a bhí ar taisce lúide aon riaráistí a bhí dlite nuair a ceapadh na Comhleachtaitheoirí Sealadacha chuig Comhar Creidmheasa na Rátha. Má mheasann tú nach bhfeagraíonn an méid atá faighte agat do na scaireanna/don taisce a bhí ar seilbh agat, lúide riaráistí, cliceáil anseo, le do thoil, chun an Fhoirm Éilimh do Thaisceoirí a íoslódáil.